Scoil: Clochar na Trócaire, Baile Fhiacháin
- Suíomh:
- Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: An tSr Padraig
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0088, Leathanach 016](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0088%2FCBES_0088_016.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0088, Leathanach 016
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bheith na thalltóir. Ní fios dos na sean daoine anois cá h-áit a dtagadh i dtír le na earradh tallta mar gidh gur h-innseadh a sgéal níor séith ariamh le 'na rún.
Sé tuairim mór coda des na daoine go dtagadh long na hearradh tallta chomh fada le béal an chuain, agus go dtagadh an caiptín amach agus dtugadh sé na hearraidh isteach, nó go gcuireadh sé i bhfolach iad ar cheann des na h-oileáin, agus go dtugadh sé isteach iad ar a shuaimhneas.An Sgéal.
Lá dá raibh an caiptín ag teacht isteach an chuain agus ualach tobaic na churrach aige, mhothuigh sé an tóir na dhiaidh. Thug sé iarracht sleamhnú uatha i measg na n-oileán ach bhí an tóir ro-ghéar. Ní raibh aige ach currach agus bhí longa seóil ag lucht a thóra, agus dá sin tháinig siad suas air go luath. Bhí fhios aige nach sroichfeadh sé an mór-thír go slán. Bhí sé i sáinn ach chuimhnigh sé ar sheift. Bhí sé in aice leis an tannaidhe mhór a dhírigh sé pus a churraig air. D'éirigh leis a bháidín éadtrom féin do threórú go slán tríd ach chuaidh na longa seóil in ngaiste ann. D'fhág an caiptín annsin iad(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Mac Giollaruaidh
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Mac feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo