Scoil: Clochar na Trócaire, Baile Fhiacháin
- Suíomh:
- Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: An tSr Padraig
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cill Bhrighde
Tomás Ó Domhnaill Ros cléibhe, Baile Uí Fhiacháin Mhuigheó a thug an píosa seo dom. Fear meadhon aosta atá ann. Chuala sé an sgéal ó na sean daoine, agus é na ghásúr. Tá Cill Bhrighde lamh le Ros Cléibhe. Tá sean Roilig ann, agus na lár istigh tá fotharaigh le feiceáil fós.
A Sgéal
Fadó bhí bean darbh ainm dí Brighid na comhnuidhe i gCill Bhrighde. Naomh do bhí inntí. Bhí sí an-bhocht, agus go fiú áit le codladh ann, ní raibh a leithéad aici. Lá amháin chuaidh sí go dtí an taoiseach ar leis an talamh thart timcheall na h-áite. D’iarr sí air leithead (meid) a clóca de talamh do thabhairt dí, le teach do thógáil sir. Fear sanntach abhí ann agus ba leisg leis talamh do thabhairt uaidh go bog dá leithéad de bean déirce. Ach ag féachaint ar an gclóca dó, thug sé faoi deara a laighead, agus dá bharr gheall sé an giote talmhan a chlúdóchadh a clóca do thabhairt dí, an fhaid a mairfeadh sí.
Amach leó, agus sgar an Naomh a sean chlóca(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ros Cléibh, Co. Mhaigh Eo