Scoil: Naomh Angela, Caisleán an Bharraigh (uimhir rolla 14410)
- Suíomh:
- Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: An tSr. M. Muireadhaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí buachaill ann fadó agus bhí Simon Simplidhe an leas ainm a bhí air. Ní h-aon íongnadh gur baisteadh an t-ainnm sin air, mar a leithead d'amadáin ní raibh le fághail ó ceann na tíre. Sároibridhe dob-ead é agus bhí sé go [?] comaoinige chomh maith, ach sgaithte, nuair bhéadh sé ag cainnt, ní bhéad fhios aige céard bhéadh gá radh aige.Bhí sé ag obair i gcóir feirmeóra agus [?] lá mháin d'iarr bean an feirmeóra air dul a teachtaireact chuig tígh an buistéara a bhí suidhte timhceall shá mhíle i bfad ó bhaile. Dfhreagair sé go racadh sé agus fáilte agus thug bean a cúghe pu[?] dó cun aedhcanna agus sgairteaca do cheannach. Ní raibh cuimhneamh maith aige agus dubhairr bean 'a tighe leis aebheanna agus sgairteaca a aithris leis fún gan stad ar an mbealach dó.Dó thóg sé an bóthar air féin gá aichris na focail ós árd agus déirigh go maith leis go dtí gur casadh fear agus bean air. Bhíodar tar éis aistear ar fhairrge a chur díobhta agus nídh nach iongnadh bhí tinneas móir ortha. Do sheas Simon suas gan súil a thógáil díob agus dó(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Damhnaith Ní Dálaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo