Scoil: Coill a' Bhaile (uimhir rolla 14064)
- Suíomh:
- Coill an Bhaile, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Tadhg Mac Donnchú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Coill a' Bhaile
- XML Leathanach 304
- XML “Seancheirdeanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fíghe. Bhí ceann acú sin in gach baile beagnach. Bíodh loimeach? acú agus bíodh ortha an dlúth agus an ionnach do chuir air. Níl móran figeadoirí ann aois cor ar bíth act cuirtear an snáth chuig na monarcánaigh.
Dianadoireact =
Ní raibh teac ar bíth cinn-slinne san tír seó fadó agus ar an adhbhar sin bhíodar go han máith ag díonadoireacht. Rinneadar é an caoí ceadhna is a deantar anoís é. San am fadó cuirfeadh síadh cíbe air in ionaidh tuighe agus chuirfeadh síadh súgain air fadó in ionadh sgollabí.
Dóghadh aoil =
Sin obair ata ar siubhal san tír seó go fóill act níl sé chomh flúirseach is do bhí sé fadó. Ar dtús geibfeadh siad clocaí aoil agus cuirfeadh siad isteach san tornóig é agus chuirfeadh siad griosach isteach leó. Bíonn siad ag dóghadh ar feadh trí lá agus tri oidhche. Núair bíonn sé dóighte acú toigfeadh siad amach é agus cuirfeadh siad isteach í mbarlaí é.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Séamraigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chuileanntrach, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Sorcha Ní Séamraigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 45
- Seoladh
- An Chuileanntrach, Co. Mhaigh Eo