Scoil: Teach Chaoin (B.) (uimhir rolla 6830)
- Suíomh:
- Teach Chaoin, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Séamus Ó Maoilearca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Teach Chaoin (B.)
- XML Leathanach 157
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)litir T.
Ceard a shuibhlann lén a ceann faoi – Freagra – Táirnge.
Fosclann se mar doras sgiobóil agus dúnann mar dol. - Freagra – Sgath Feareann.
D’réir mar baineann tú amach ag dul i méid a bhíos sé. – Freagra – Poll.
Dó in dhiaidh dó cé mhéad é sin. – Freagra – 22
Droichead ar loch gan adhmad gan cloch. – Freagra – leac oidhre.
Bíonn sé ins an móinfhéar agus ní baintear é, bíonn sé ins an siopa agus ní díoltar é. – Freagra – Gath gréine.
Chuaidh mé suas go Baile Átha Cliath agus chonnaic mé 24 madaidh ag stracadh an talmhan ó na chéile. – Freagra – Cliath.
Fear beag ina seasamh le claidhe.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Ó Maoilearca
- Inscne
- Fireann