Scoil: Teach Chaoin (B.) (uimhir rolla 6830)
- Suíomh:
- Teach Chaoin, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Séamus Ó Maoilearca
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0096, Leathanach 177](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0096%2FCBES_0096_177.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0096, Leathanach 177
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Teach Chaoin (B.)
- XML Leathanach 177
- XML “Seanráite”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)22 An t-slat na n-glacann sniomh.
23 An t-uan ag múineadh meidhleach d’á mháthair.
24 An uair is dorcha roimh lae.
25 An té nach n-ólann acht uisge ní bhíonn sé ar meisge.
26 An t-seód do-fhághala is í is ailne.
27 Aithnightear gné na h-aimsire.
28 Beathadh an stairidhe fírinne.
29 Beatha duine a thoil.
30 Béal éidhinn agus croidhe cuilinn.
31 Bidh ádh ar amadan.
32 Bidh boirbeacht ann geal gaire.
33 Bidh cluanaidhe i ndeágh chulaith.
34 Bíonn blas ar an mbeagáin.
35 Bocht an eaglais a bhíos gan ceol.
36 Breathnuigh ar an abhainn sul a dteigheann ina calaidh.
37 Bróga sa gcliabhan, ladhar sa lathaigh.
38 Ná sáith do ladhar i meadar gan snuathadh.
39 Buaine clú ná saoghal.
40 Cailleann duine rud lén a mhúineadh.
41 Chaill sé sa gcasadh é.
42 Caoin le ceannsa.
43 Castar na daoine ar a chéile, Acht ní chastar na cnuic na na sléibhta.
44 Ceann mór na céille bige.
45 Coigilt teine le loch.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Ó Maoilearca
- Inscne
- Fireann