Scoil: Baile an Daingin (C.) (uimhir rolla 4828)
- Suíomh:
- Baile an Daighin, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire de Staic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Daingin (C.)
- XML Leathanach 410
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ghearr no go raibh an nigheachán críochnuighthe aice agus do sgar si an bleach ar an móinfhéar le h-ais an tobair. Do ghlan si an tobar in a dhiaidh is d'imthigh léithe abhaile. Níorbh fhada in a dhiaidh sin gur tháinig duine éigin a d'iarraidh cana uisce ach mo léan bhí an tobar tirim.
Ní fhaca aoinne roimhe sin ná ó shoin í leith an tobar céadna tirim. Tháinig óg agus aosta beag agus mór ag triall ar an dtobar, is do sheasadar in-a timcheall is níor labhair aoinne. Fe dheire labhair sean-duine go mall is dubhairt, "cromfaidh ar bhur nglúnaibh agus déanfaidh muid aithrighe do Dhia de bhárr an easonóra seo." Do rinne agus ag dul faoí na gréine chuaidh na páistí amach agus do sgread siad go raibh an tobar lán d'uisce agus do bhailigh gach n-aon. "Moladh le Dia na glóire" dubhradar agus níor nígheadh éadaigh san tobar sin ó shoin amach. Pupil's name. Kathleen Hynes. Logalisheen Mr. Michael Devane Irishtown, Age about 59 years.- Bailitheoir
- Kathleen Hynes
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Log an Lisín Theas, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Mr Michael Devane
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 59
- Seoladh
- An Baile Gaelach, Co. Mhaigh Eo