Scoil: Cill Bheidhin (Kilvine) (uimhir rolla 16019)
- Suíomh:
- Cill Mhiáin, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Pádhraic Ó Reachtagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí gabha ann fadó agus bhí sé an-bhocht. Aon lá amháin agus é ag obair in-a cheardchain tháinig an deabhal chuige agus dubhairt sé leis go dtuibhradh sé saidhbhreas dó acht a theacht leis i gcionn seacht mbliadhain. Do ghéill an gabha agus d'eirig sé an-saidhbhir. Ansin tháinig Aingeal chuige agus thug sé trí guidhe dó. Seo é an chéad ceann. Gan duine ar bith a bheith in ann a sparán a fhosgailt acht é fhéin. An dara ceann Duine ar bith a suidhfeadh i n-a chathaoir go mbheadh sé greamaighthe dí agus an treas ceann duine ar bith a thogfadh an t-ord i n-a láimh nach mbéadh sé i n-ainm é a chaitheadh uaidh acht ar mhian an ghabhann. Tá siad geallta arsan t-aingeal acht níor iarr tú ar neamh agus ní ghabhfaidh tú ann go brách. Bhí sé an-siadhbhir agus i ndeireadh na seacht mbliadhan tháinig an diabhal chuige agus d'iarr sé air a dhul(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brigíd Ní Fhlannagáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Seanbhaile Bocht, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Seán P. Ó Flannagáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Seanbhaile Bocht, Co. Mhaigh Eo