School: Muirnín (roll number 3968)
- Location:
- Muirnín, Co. Mhaigh Eo
- Teacher: Bríd, Bean Uí Mháille
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Muirnín
- XML Page 095
- XML “Tomhaiseanna”
- XML “Tomhaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)III Osgaileann sé cosamhail le doras shiobóil agus dúnann sé cosamhail le 'trap'
Freagra:- sgáth fearthainne
IV. Tagann sé istheach i mála agus téigheann se agus amach i mbuicéad. Freagra:- Móin.
V
Dhá "n" dhá "o" 'l' agus 'd' cuir sin le ceile agus litrigh dome e.
Freagra:- London - I. Bím ag dul ó theach go teach is bím amuich san oidhche. Freagra :- casán.
II. Tá teach beag cruinn agus tá sé lán le feoil acht níl aon doras ná fuinneóga ann.
Freagra :- ubh.
III. Thug m'athair síol dom le chur bhí an síol dubh agus bhí an talamh bán. Freagra :- ag sgríobhadh leitir.
IV. Eiteallann sí go h-árd agus eiteallann sí go h-íseal caitheann sí bróga agus níl aon brógha aicí. Freagra :- Liathróid coise.
V
Ceann cosamhail le méaracán agus ruball cosmhail le liuch. Freagra :- píopa.- Collector
- Pádraig Ó Ceallaigh
- Gender
- Male
- Address
- Muirnín, Co. Mhaigh Eo