Scoil: Cnocán Mhichíl Naofa (Clochar)
- Suíomh:
- Clár Chlainne Mhuiris, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0098, Leathanach 335](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0098%2FCBES_0098_335.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0098, Leathanach 335
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Táim in mo chomhnuidhe i gCill-Éinne i bParráiste Árann. Tíghthe tuighe is mó atá ann. Tá daoine ann os cionn seachtmhadh bliadhain d'aois. Tá togha na Gaedhilge acu. Tá siad i n-ann scéalta breághtha a innseacht i nGaedhilg.
Seoighe an sloinne is coitcheannta ann. Sé Cill-Rónáin an baile mór is goire dó. Bhí i bhfad níos mó daoine i gCill-Éinne sa t-sean aimsir ná mar tá faoi láthair. Is i gCill-Éinne a chaith Naomh Éinne an chuid is mó dá shaoghal, agus is mar sin a fuair an áit a ainm. Cumadh amhrán i dtaobh báthadh mór a bhí ar Aill na nGlasóg lá Féile Muire sa bhFóghmhar sa mbliadhain ocht gcéad déag go leith agus a dó. Tá cáil mhór ar Chill-Éinne san amhrán mar báthadh cheithre feara déag as an áit an lá sin. Seo bhéarsa de'n amhrán.
Bhí brón agus crádh i gCill-Éinne an lá úd.Bhí aithreacha agus máthaireacha ag gol 's ag caoin,Agus gaolta grádhmhar go comhacht cráidhte,Ag éagcaoin na sár-fhear nach bfilleadh choidhche.Is sampla uathbhásach an chreach an tráth úd,Do thárla an lá úd go tobann luathar,Ar Aill na nGlasóg i dtóinn na h-áite,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Anna Ní Dhioráin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Éinne, Co. na Gaillimhe