Scoil: Naomh Seosamh, Shrule
- Suíomh:
- Sruthair, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Ó Reachtaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tosbáinfidh mé an Caisleán duit”. “Seo [< duit. Seo] é an leabaidh in a raibh na fir in a luighe”, ars [< luighe ars] an fear uasal. “Fágfaidh [< Fágfaidh] mise do sháith le n-ithe do sháith le n-ol agus píopa agus tobac agus nuair bhéas mise ag fágáil seo cuirfidh mé an glas ar an doras agus fagfaidh mé tú istigh”. Tháinig an fear annsin leis an mbiadh. Dimthigh an fear arís agus chuir sé an glas ar an doras agus dubhairt sé “beannacht leat” Bhí an tailliúr annsin go h-an spóirteamhail in a shuidhe [< suidhe] ar cathaor frámáilte ag caitheamh tobac agus ag ól uisge beatha. Nuair a bhuail sé dó-dhéag a chlog san oidhche tháinig tríur fir agus cónra aca. Táinigeadar anuas an staighre agus dfhágadar an cónra in aice leis an tailliúr agus níor labharadar focal leis. Chuadar suas an staighre arís annsin Dubhairt an táilliúr go bhfeicfeadh sé céard a bhí sa gcónra agus dfhosgail sé é. Bhí fear ins an gcónra agus bhí féasóg air. Bí sé cómh fuar leis an leac-oidhre agus thóg sé suas é agus dubhairt sé go dteitheadh sé é leis an teine. Ní raibh sé in ann é a theitheadh agus chuir sé ins an leabaidh é. Bhain an fear an féasóg uaidh annsin agus fuair sé greim fiacla as gualann an táilliúra. “Ná déan é sin” ars an tailliúr. D’iarr sé an greim a bhaint as agus rug an bheirt ar a céile ins an leabaidh. Bhí siad ag troid agus ag marbú a chéile nó gur thuit siad ar an urlár. “Beannacht leat” ars an fear anois, “tá [< anois tá] mise réidh leis an saoghal seo” “Go soirbhige Dia dhuit” ars an táilliúr(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Pól Ó Buadhacháin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Máirtin Ó Ceóinín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Cheathrú Mhór, Co. na Gaillimhe