Scoil: Naomh Seosamh, Shrule
- Suíomh:
- Sruthair, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Ó Reachtaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- [ ]odh na daoine suas le cúig bliana déag d'aois sul a chuireadh [sia]d aon bhróga orra. Bhí fear ann uair amháin agus "[ ]mas na Coise Protasdúnaighe" an t-ainm a bhí air. Fear [déi]rce a bhí ann agus lá amháin chuaidh sé amach ag iarraidh [déi]rce. Bhíodh bróga air uaireannta agus uaireannta eile [ní] bhíodh aon bhróga aige. Bhí péire bróga aige an lá seo a [ ]aidh sé amach ag iarraidh agus chonnaic sé teampoll. Chuaidh [sé] ins an dteampoll mar ba Chaithliocach an-mhór é. Nuair [a] bhí sé ag dul isteach ins an dteampoll chuir sé cos amháin isteach ar dtús agus nuair d'fhéac sé suas ar an altóir [bhí] "Minister" Protosdúnach ann. Sé an píonós a chuir sé air an gcos [ná?] nach gcuirfeadh sé bróg go deo arís air. Sioc nó sneachta, [b]áisteach ná aon rud eile ní chuirfeadh sé bhróg ar an gcois [sin] go lá a bháis.
Níor chuir na páisdí óga aon bhróga orra aon am de'n bhlian. [Ní]or chuir na daoine aon rud ins an uisge nuair a nigheadh [sia]d a gcosa. Bhí Pisreóg ann nach raibh sé cheart do aon duine [an] t-uisge in a nígheadh a gcosa a chaitheadh amach go mall [in]s an oidhche. Bhí gréasuidhe in a chomhnuidhe i sean-teach i [ ]angan agus bhí an teach ar chnoch. Sé an t-ainm atá ar an [g]cnoc sin anois "Cnoc a gréasuidhe". Sé an t-ainm a bhí ar an fear Peadar Bodhar. Tá na gréasuidhthe i bhfad níos flúirsighe anois ná mar a bhíodh siad fadó. Caithtí bróga bonn-adhmaid fadó agus bhí fear in a chomhnuidhe in aice le Áth Chinn a bhíodh gá ndéanamh. "Mr Wrigs" an t-ainm a bhí air. Bhíodh na daoine ag déanamh na mbróg in a dtighthe(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seaghán Ó Gabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Sruthair, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Marcus Ó Conghail
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Sruthair, Co. Mhaigh Eo