Scoil: Caisleán na hÉille (The Neale)
- Suíomh:
- An Éill, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire, Bean Mhic Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí doras an t-seomra fosgailte. Chuaidh an t-asal suas ann agus fuair sí an rópa agus thug sí abhaile léi in a béal í.
Lá eile thug Seán Ruadh "Beisín" ar iasacht arís do fhear óg a bhí in a chomhnuidhe in aice na háite. Céard a rinne an fear acht an ruball agus an mhuing a ghearradh dí. Nuair a tháinig an t-asal abhaile dubhairt Seán léi. "Cé'n fáth ar leig tú don fhear sin do ruball agus do mhuing a ghearradh díot? Tá tú millte anois." Chuaidh an asal amach sa bpáirc agus d'athruigh Seán nach raibh sí ag ithe ar a sástacht chor ar bith.
Thárla go ndeachaidh Seán don bhaile mhór an tráthnóna céadna. Bhí sé díreach in a seasamh amach os cómhair teach na Cúirte nuair a chonnaic sé "Beisín" ag teacht anuas an tsráid. Tháinig sí anuas chuige agus bhí sí ag iarraidh Seán a chuir isteach i doras tighe na cúirte chun go gcuirfeadh sé an dlíghe ar an fear do rinne an dochar dí. Acht do mheall Séan (d)í chun dul abhaile agus ciall a bheith aice.
Uair amháin bhí conacra ag Seán Ruadh agus ag fear eile i bpáirc amháin. An lá áirithe seo a bhfuilim ag dul ag trácht faoi bhí Seán agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Úna Nic Bháird
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Uí Ruairc, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac an Bháird
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Seoladh
- Baile Uí Ruairc, Co. Mhaigh Eo