Scoil: Caisleán na hÉille (The Neale)
- Suíomh:
- An Éill, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire, Bean Mhic Domhnaill
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0103, Leathanach 192](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0103%2FCBES_0103_192.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0103, Leathanach 192
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mballa taobh amuigh agus chuadar isteach.
Nuair a bhíodar istigh thárla go ndeachaidh ceann dos na cailíní amach i gcoinne brosna móna agus bhí sí tamall maith amuigh acht níor cuireadh aon suim annsin ag an am.
Tháinig an bheirt fhear amach arís. Thóg Seán an mála de'n bhalla agus chuir sé ar a druim é, agus chuadar ar an mbóthar arís. Déaradh Seán anois is arís go raibh an mála an-trom agus go raibh sé ag éirigh tuirseach acht d'iomchur sé abhaile é ar chaoí ar bith.
An trathnóna sin dubhairt a mháthair le Seán na fataí a nigheadh. Thóg Seán an mála fataí agus d'iompuigh sé amach ar an urlár iad, agus is beag nár thuit sé nuair chonnaic sé nach raibh ann acht clocha agus nach raibh morán fataí ann chor ar bi[th.]
Thosuigh a athair ag argóint leis fé a bheith in a liab chomh mór sin agus chuile dhuine ag magadh fé. D'éirigh Seán go feargach agus dubhairt sé gurbh é Máirtín a rinne é sin agus gheall sé go marbhóchaidh sé é nuair a chífeadh sé é. I rith na hoidhche sin go léir bhí a athair ag magadh fé Sheán acht sa deireadh d'éirigh Seán tuirseach de sin. Bí a athair in a shuidhe ar chathaoir in-aice na teineadh agus a chos ar a ghlú[in](leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sinéad Nic Bháird
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Patrick Warde
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Seoladh
- Baile Uí Ruairc, Co. Mhaigh Eo