Scoil: Gort Sceithe (uimhir rolla 13062)
- Suíomh:
- Gort Sceithí, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Tomás Ó Cléirigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort Sceithe
- XML Leathanach 157
- XML “Gabha an Díogha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)léigheasfadh é. Chuaidheadar go dtí an rí. Bhí seisean istigh sa seomra éigean agus chuaidheadar isteach. Chuir an buachaill pota mór uisge síos ar an teine. Bhain sé an ceann de'n rí agus chuir sé san pota é. D'iompuigh sé thart le spúnóg mór é. Tar éis tamaill do thóg sé amach é agus do chuir é ar an rí arís é. Bhí an rí leigheasuighthe ann sin agus fuaireadar an t-ór agus an capall.
D'iarr an buachaill air péire bróg a cheannacht dó. Dubhairt sé nach gceannóchadh sé go deo iad ach go dtiubhradh sé an t-ór dó. "Téigh abhaile anois leis an t-ór mar tá na cosa faoin gcapall. Tá do mháthair agus do bhean ag troid arís ach tá do cheardcha ann fós mar do bhí", ars an buachaillín leis.- Bailitheoir
- Tomás Ó Cléirigh
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Sceach na Gaoithe, Co. Mhaigh Eo