Scoil: Gort Sceithe (uimhir rolla 13062)

Suíomh:
Gort Sceithí, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Tomás Ó Cléirigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0105, Leathanach 180

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0105, Leathanach 180

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort Sceithe
  2. XML Leathanach 180
  3. XML “Cailín an Luaithrigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    bhfuair sé aon chailín go bhfeilfeadh an bhróg dí. Faoi dheireadh tháínig sé go teach cailín an luaithridh. Thug an bheirt ba shine faoi an bhróg a chur orra féin, acht níór fheil sí dóbhtha chor ar bith. Annsin d'fheach sé ar cailín an luaithridh.
    Shleamhnuigh sí isteach ar a coisín gan aon stró agus d'fheil sí dhí go h-áluinn. "A chailín bhig óig," arsa mac an ríogh, "is tusa a bhí ar mhuin an chapaill úd. Is leat-sa an bhróg seo. Anois má phósann tú mise dearbhuighim duit go mbéidh mé cineálta elat agus dílis duit go lá mo bháis."
    "Ár ndóigh ní phósfá cailín an luaithridh," ar sise go truaighmhéalach." "Muna bpósaim tusa, a chailín ghoth ró-bhinn ní bpósfaidh mé go deo agus beídh mé choidhche faoi bhrón agus faoi uaigneas.
    "Níor mhaith liom uaigneas ná brón a chur ort acht ní thig liom sgaramhaint le mo mháthair dhílis," ars an cailín. "Ní'l d'fhiachaibh ort sgaramhaint le do mháthair, béídh míle fáilte ag do mháthair roimpi má thagann sí leat," ars mac an ríogh.
    "Tá mé sásta leis sin," ars an cailín, "acht ní rachaidh mé leat indiu. Caithfidh tú fanacht go dí an Satharn seo chugainn." D'imthigh mac an ríogh abhaile go sona sásta agus go buidheach beannachtach. Tháinig an Sathairn. Bhí an bheirt cailín ba sine in a suidhe go moch agus chuaidh siad chun an mhargaidh go luath.
    Nuair fuair cailín an luaithrigh imthighthe iad
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Ó Cléirigh
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Sceach na Gaoithe, Co. Mhaigh Eo