Scoil: Gort Sceithe (uimhir rolla 13062)
- Suíomh:
- Gort Sceithí, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Tomás Ó Cléirigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tormán greannmhar mar buailfidhe stán le rud éigeantach. Thochail sé leis agus iongantas a sháith ag teacht air. Leis sin nocht coirnéal bosca roimhe. Bhí a chroibhe ag crith 'na chliabh. Sgairt sé ar a athair a bhí i ndiadh an phíopa a chur uaidh.
Anuas leis agus níor fhás féar faoi na bróga aige. "Caidé atá sa bhosca. B'fhéidir leis an rí go bhfuil laethe géara ocrasa léanmhara an t-saoghail thart ogainn.
Thóg an mac ord mór agus tháinig anuas an méad a bhí 'na chorp ar an bhosca agus rinne smidiríní de. Nuair d'amharc siad ar an talamh chonnaic an bheirt aca cárnán breagh de ghinidheacha buidhe. Is beag nár thuir an bheirt aca i n-áit na mbonn agus ár ndóigh bhí cúis maith aca.- Bailitheoir
- Tomás Ó Cléirigh
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Sceach na Gaoithe, Co. Mhaigh Eo