Scoil: Clochar na Trócaire
- Suíomh:
- Béal Átha na Muice, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: -
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Trócaire
- XML Leathanach 2
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Timpeall míle siar ó Bhéal Athá na Muice, tá baile beag ar a dtugtar Clúin na Ceananna.”
(ar lean ón leathanach roimhe)céadhna. Ní cheart baint ar bith a bheith ag daoine leis an Lios, mar an té a bhíonns cómh neamh eaglach sin agus í a tochailt, ní bheidh aon rath air.Thárla go bhfuil gainimh le fághail i lios amháin ins an baile seo againne. Dubhairt na sean daoine gan bacadh leí, acht bhí triúr buachaillí neamh-eaglacha agus níor chuir siad suim ar bith i gcainnt na seanóirí, agus uime sin thugadar cluas bodhar do'n sgéal. Ar aghaidh leo ag tochailt an leasa cun an gaineamh agus na clocha a fhagháil. D'éirigh go geal leo ar feadh tamaill agus cheap na daoine go raibh deireadh leis na sidheóga agus nach raibh i sgéalta ná sean acht ráiméis.Acht mo léan bhris duine aca a chos agus gan aon amhras b'aisteach an bris a bhí ann. Chuaidh sé chuig an dochtúir agus fuair sé faoiseamh as a chuid pianta, acht ba réidh a thóg an dochtúir é, mar nuair a bhí an chos deisighthe bhí sí cam, agus bhí chos bhacaigh aige ón lá sin amach.Ar aghaidh leis an mbeirt eile, chreideadar nach raibh baint ar bith(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mairéad Ní Cholamáin
- Inscne
- Baineann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cluain na Ceannainne, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Cholamáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cluain na Ceannainne, Co. Mhaigh Eo