Scoil: Ceathrú na gCloch, Gleann Fraoigh (uimhir rolla 12806)
- Suíomh:
- Ceathrú na gCloch, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Bríd Bhreathnach
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar an traig gach maidin is thug se fa deara maidin amháin bean áluinn ag cioradh a gruaige ar charraig acht léim sí isteach sa bfairrge agus sgiob sé slat léi.
Tharla an rud ceadhna gach maidin is thug sé mion is móid nac bposfadh sé cailín muna bposfadh sé í.
Maidín amhain d’ealuigh sé suas lei is sgiob sé an slat agus ar an bpoinnte d’athruigh sí ina mnaoi saoghalta. Thug sé abhaile leis í is phós sé í. Chuir sé an slat fe glas i gcofra iarainn.
Bhí triúr mac acú is biodar chomh deas dathamhail le na athair rompa.
Lá dá raibh sé ag dul ag seilg, chuaidh sé go dtí an cofra le rud eicin d’fhághaill, is le sgéal fada do dhéanamh gearr rinne sé dearmad ar é do chur fe glas is fuair a bean an t-slat.
Chuaidh sí fe dhéin na fairrge is tug sí a triúr mac lei.
Cuimnig an Taoiseach ar an cofra is d’fhill sé acht bhí a bhean is an tslat imthighthe.
Lean sé iad acht bhí a bean(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríd Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Muine Chonalláin, Co. Mhaigh Eo