Scoil: Poll an tSómais (uimhir rolla 16283)
- Suíomh:
- Poll an tSómais, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Proinnsias Mac Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is minic amuigh ar an sléibh nuair a bhíonn duine in dhiaidh na gcaorach go dtigeann an aicíd air. Na daoine seo a bhíonn cleachtuighthe ar an sléibh tig leó a mbealach a dhéanamh abhaile, is cuma an oidhche nó lá é. Mar sin féin téigheann duine amudha ar uairibh. Ceapann sé go bhfuil sé ag dul an bealach ceart, acht in áit sin tá sé ag dul thart i bhfáinne, agus ní bhíonn sé in don a bhealach do dhéanamh amach. Bíonn sé ag dul thart, agus ag dul thart go mbíonn sé sáruighthe, agus lag leis an ocras, agus bíonn air luighe síos. Is minic gur siocar bais dhuine é.Creideann na daoine go bhfuil lámh ag na daoine maithe ar an rud seo, gur b amhlaidh a cuireann siad an duine amuda in aon torus.Tá daoine eile a chreideann go fuil fód aithrid ann, agus ma sheasann duine air go dtéigheann sé amudha.Tá tuairim ag na daoinibh(leanann ar an chéad leathanach eile)