Scoil: Dubhloch
- Suíomh:
- Dumha Locha, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Shioradáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhloch
- XML Leathanach 407
- XML “An Tiarna Talún”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Siad na Bingeamhaigh tighearnach talmhan Dhubhlocha lé tuille agus céád bliadhain anuas. Ba de shíolradh an sean Bhingeamaigh, nó mar a tugtar go h -ionndhúil in Iorrus air, an Major, iad. Bhí caisleán aigesan in EIlidh, ar chósta iartharach Chuain an Fhóíd Dhuibh. Tá an sean-caisleán lé feiceál annsin fós. Tháinic sé go h-Iorrus sa mbliadhain 1796. Chuir sé faoí in Eilidh. Ba ghearr go raibh Tír Mhuirthid faoí na smacht aige.Nuair a cailleadh é bhí beirt mhac fágtha in a dhiaidh. Tháinic an mac do b'óíe, Líam, go Dubhloch. Bhí Dubhloch roinnte in a dhá chuid le linn an ama sin idir Airt Ó Houston agus Cartur. Phós Liam Bingeam driofúr Airt, Máire. Fuair sé leat Dubhlocha mar spré. Nuair a cailleadh Airt agus Cartur fáadh Dubhloch go léir faoí Líám Bingeam. Thó sé teach mór san áít. Bhiodh ar gach tineonta lá a thabhairt dó ag tarraingt leacracha, móra, troma ar a dhruim ó'n gcladach suas go dtí áitiughadh an tighe móír. Ba iad muinntir Mac Floinn as Beanncor,(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Tomás Ó Conmhacháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dumha Locha, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Pádhraic Ó Ciaráin
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dumha Locha, Co. Mhaigh Eo