Scoil: Dubhloch
- Suíomh:
- Dumha Locha, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Shioradáin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0133, Leathanach 423](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0133%2FCBES_0133_423.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0133, Leathanach 423
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhloch
- XML Leathanach 423
- XML “Éadaí na Seanaimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Geimhridh d'fheicfeá na mná ag sníomh nó ag cniotáil cois leice nuair bhíos obair an laé thart. Annsin má theastuigheann ó na mná na stocaí a dhathúghadh níl ortha acht dhul amach agus criotal a phiocadh, a bhíos ag fás imheasg na gcloch. Annsin nuair a bhíos neart dhe pioctha tugann siad leó abhaile é. Crochtar an pota agus braon uisge ann ar an teine. Nuair atá sin deanta caithtear isteach an criotal agus grainín salainn ionnus go mbéidh an snáth i ndán an dath a thógáil go maith. Annsin nuair atá na stocaí réidh idir dathúghadh agus uile tá siad i bhfad níos deise na stocaí siopa agus caitheamh deich nuaire níos fearr ionnta. Chómh maith lé sin tá siad saor agus gan mórán duaidh ná trioblóid lé fághail uatha.
- Bailitheoir
- Máire Ní Gacháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dumha Locha, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean Uí Gacháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dumha Locha, Co. Mhaigh Eo