Scoil: Béal an Mhuirthid (C.) (uimhir rolla 14857)
- Suíomh:
- Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Sorcha, Bean Uí Náraidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)réidthigh siad féin le dul thrídh an domhan. D'fuin [?] a mháthair dhá cháca dó, agus thug sé a rogha ceann dóibh. Thogh an mac ba sine an cáca beag agus beannacht a mháthair. D'imthigh sé leis annsin. Chaith sé an lá ag siubhal. Insan tráthnóna shroich sé bóthan beag agus ní raibh ann acht baintreabh ach d'iarr sé loístín na h-oidhche agus fuair sé é Thug sí suipéar dó agus annsin d'fiafruigh sé dhi an raibh aon sgeál nua. D'innis sí dhó annsin go raibh inghean an Ríogh le bás d'fághail lá ar na bhárach. Bhí each draoidheac [?] ins an loch agus b'eighin do'n rí ocht mbullán deag a thabhairt dó le slugadh ar feadh na bliana agus(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Sorcha Bean Uí Náraidhe
- Inscne
- Baineann