Scoil: Eachléim (uimhir rolla 12373)

Suíomh:
An Eachléim, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire Ní Chróinín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0136, Leathanach 21

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0136, Leathanach 21

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Eachléim
  2. XML Leathanach 21
  3. XML “An Fear agus a Cheathrar Mac”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    "Tá nead éin thuas ar an gcrann sin agus tá a fhios agamsa cé méid ubh innti. An bhfuil a fhios agatsa?" "Tá's," ar seisean. "Tá ceithre uibheacha innti." "Tá go maith," ars an sean-fhear. "Anois, a ghaduidhe", ar seisean, "Goid na h-uibheacha agus ná corruigh an t-éan atá ortha." "Rinne mé rudaí níos deacra ná sin go minic," ar seisean, agus ghoid sé na huibheacha gan an éan a chorrughadh. "Loisc, a éineadóir," ar seisean annsoin, agus déan dá leath de gach aon ubh agus dá leath de gach éan atá ionnta." Rinne sé amhlaidh. "Tá do sháith amach romhat anois," ar seisean leis an tailliúr, "agus iad seo a fuagháil ionnus nach mbéidh a fhios ag aoinne go raibh siad sgoilte." "Nií bhéidh aon mhoill orm sin a dhéanú," ars an tailliúr. "Rinne mé rudaí níos deacra." Chuir an tailliúr an dá leath de gach uibh agus an dá leath de gach éan a bhí innti le chéile agus bhíodar chomh maith is a bhí siad ariamh.
    Dubhairt an t-athair leis an ngadaidhe annsoin iad a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0653: The Four Skillful Brothers
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Peadar Ó Maolfhabhaill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    56
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Mullach Rua, Co. Mhaigh Eo