Scoil: Eachléim (uimhir rolla 12373)
- Suíomh:
- An Eachléim, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire Ní Chróinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Eachléim
- XML Leathanach 40
- XML “Scéal faoi na Fianna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"ach ní hé an Dearg atá ann". Nuair a bhíos clann na ríghte ag cainnt" ars an Conán Maol, "bíonn clann na caillighe in a dtost ". Tharraing sé cloch a bhí thíos in a phóca agus bhuail sé i gclár a baithise agus agus rinne sé bhrughadh di.
Chuaidh an sgéal amach go raibh an Dearg marbh ag Chonán agus chuir an Rí cath ar Goll Mac Máire agus Oscar. Ní raibh gléas cosanta ar bith leo agus ghlaoidh siad ar Chonán agus má ghlaoidh sé féin ní raibh seisean follamh.
Chuaidh siad ag troid leis an rígh annsoin agus mharbhuigh siad go leór dhá chuid fear ach ar deire d'iarr sé caradas agus suimhneas ortha agus stad siad annsoin agus chuaidh siad abhaile slán sábháilte agus chómh maith is a bhí siad ariamh.- Faisnéiseoir
- Seán Ó Maolfhabhail
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Mullach Rua, Co. Mhaigh Eo