Scoil: Sean-Achaidh (uimhir rolla 12887)

Suíomh:
Seanachaidh, Co. Mhaigh Eo
Múinteoirí:
Mícheál P. Ó Gallachobhair Seán Ó Dubhthaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0136, Leathanach 243

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0136, Leathanach 243

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sean-Achaidh
  2. XML Leathanach 243
  3. XML “Áitainmneacha i Mór Ráithin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. BAILE an DOICHILL - Baile Mhór Ráíthin
    is amhlaidh nac raibh Muinntir Mhór-Ráithín ró-carthannach ró chineálta, agus ba spíd leó aon rud, greim bidh nó deoch athabhairt i n-aisge. Ní cuirtí fíorcaon fáílte roimh aoinne, no ní réídtightí fleadh no féasta don chuairteóir mar a deántaoi i n-áiteacha eile, is dócha gurbh'n an t-ádhbhar an t-ainm sin a bhaisteadh air.
    "Baile Mhór-Ráithín,
    Baile gan greann,
    Ith do bhricfeasta,
    Sár a dtéíghidh tú ann."
    Balle dubh ar chúl an tsrótha;
    Na mná gan teanga gan ceist.

    MUING an DOICHILL
    abha bheag a ritheann tridh an mbaile gus snigheann sé isteach i gCuan an Inbhir Mhóír:

    MANTRACH:
    Seanfhothrach agus é suidhthe ar fhearann Mhicil Ui Mhurchadha.

    GARRDHA CHAITLÍN
    Ar fhearann Mhichil Mhic Chomamara.

    MUING
    Abha beag san mbaile

    PÁIRC an CHILLÍN
    Pairc ina bhfuil an Cillín in a gcuirtear na paístí gan baisteadh. Tá sé i bhfogus gabhaltais Eamoin Ui Ghacháin.

    GARRDHA UÍ DHUBHGHÁÍN
    Tá sé ar thalamh Eamoin Úi Thuathchair. Ba le fear go raibh an t-ainm an Dubhghánach.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Maigh Raithin, Co. Mhaigh Eo
    Bailitheoir
    Seán Ó Dubhthaigh
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Peadar Bairéad
    Inscne
    Fireann
    Aois
    75
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Maigh Raithin, Co. Mhaigh Eo