Scoil: Louisburgh (uimhir rolla 5128/9)
- Suíomh:
- Cluain Cearbán, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Thos. J. Morahan
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an gabha faoi dhéin 2 láidh.
Do chuala an leinbh sa cliabhán é sin agus d'árduigh a ghuth agus dubhairt "A Dheaid seacain an gabha sin indiú, An chéad láidh a caitheas sé uaidh agus a déarfas sé in aonfhacht 'Sin láidh maith fóghanta' tóg é mar ní éitheach a bhéas aige ghá rádh, acht an dara ceann tógaidh sé é agus leigfidh sé dó tuitim lé taobh an ineoin,ní ceann maith a bhéas ann, ná tóg uaidh é acht cuir air láidh fóghanta a thabhairt duit in a ionad".
Bhí ionghantas ar an t-athair gan dabht acht níor leig sę tada de air, d'fhreagair sé an leanbh - "Maith go leór a mhic" ar sé agus do bhuail sé bóthair faoi dhéin na céardchain. Do choinnigh sé súil na h-aire ar an gabha, chonnaic sé gur thainic tairingreacht an leinbh fíor agus ag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Clementín Ní Mhóracháin
- Inscne
- Baineann