Scoil: Bó Ros (Bouris)
- Suíomh:
- An Gleann Bán, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Breandán Ó Lionáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá an corp seo sínte go stuamdha,Tobac is píopaí leagtha ar a uachtar,Tá na mná óige i ndeóir ar a ngruaidh leo.Tá na mná aosta 'na suidhe go stuamdhaTá an t-anam bocht ar thóirigheacht an eolais i mbóithrín an chruadhtainÉistidh liomsa agus innseeóchaidh mé sgéal díbh'Sé (?) 'n trí nídh tá leis an anam a dhaoradh -Magamhlacht, Fáthamhlacht, agus bréaga.Is ó, a Mhuire Bheannuighthe, is malluighthe an sgéal é.
I mbóithrín (?) dubh, dorcha, casadh aréir méBhí sin rómham ann - an-spirid na láimhe cléitheBhí cíléár braithlis aige d'a fhuaradhAg súil le m'anam bocht féin a shloigeadh is a ampladh in éinfheachtIs ann a bhí nidh eile is mó bhí ag déanamh bróin domMar a bhí, na trí maistíní móraAn ceann ba lugha, is ní an ceann ba mhó é'Sí (?) a shúil mar an Bhruidhean Caorthann,Nó coinneal ar Thamhnach Sléibhe Ag súil le m'anam bocht féin a shloigeadh is a amplú in éinfheacht
Is ann abhí nidh eile is mó a bhí ag déanamh bróin domMar bhí na trí teinnte móraAn ceann ba lugha, is ní an ceann ba mhó éBa mhó é ná trí mhíle cruach mhóna'Gus ná Sliabh Fiollán - cé go mba mhór é.(leanann ar an chéad leathanach eile)