Scoil: Bó Ros (Bouris)
- Suíomh:
- An Gleann Bán, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Breandán Ó Lionáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Bó Ros (Bouris)
- XML Leathanach 214
- XML “<span class="exact">Gráinne</span> <span class="exact">Ní</span> <span class="exact">Mháille</span> - Banlaoch Mhaigh Eo - 1530 - 1603”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- B’inghean í Gráinne Ní Mháille - nó Gráinne na gCeirr (?) mar tugtar uirthe sgaithtí - le Dubhdara Ó Máille. Tighearna Umhaill Uí Mháille Uachtair, ‘sé sin Ceanntar Mhuirisg. Is deacair a rádh go cinnte cé’n uair ar rugadh í acht ó’s rud é go n-abrann Bingham, Uachtar (?) Chonnacht, i 1593 ag tagairt dhi ‘’the nurse of all rebellions in Connacht for the last 40 years’’ ní amugha a bhéadh muid da n-abruigheadh muid gur tuairim na bliadhna 1530 a rugadh í. Is cosamhail gur ar (?) a tógadh í, acht níl aon chinnteacht faoi, agus gur a chothuigh sí an fhairrge an chéad lá, an fhairrge a dhugl(?) sí an oiread sin taithneamh di ar ball, agus a mhúnách í go raibh sí ar an maraidhe a b’fhearr ar an bhfairrge thiar len a linn.
Bhí dearbhráthair aice, agus de réir dlighe agus (?) bhí tús aige-sean ar an talamh a bhí ag a athair. Níor ghéill Gráinne do’n dlighe seo, agus chaith sí go leath (?) é gur ghlac oighreachta a h-atharda í féin. Ní raibh sí acht 19 mbl. an t-am seo. Sa bhliadhain 1550 do phós sí Domhall Ó Flaithbheartaigh a’ Chogaidh, as Baile na hInse i gConnamara. Ba é seo Taoiseach na bhFlaithbhea(?) in lar-Chonnacht ‘san am, agus bhí ghlaodhach aige freisin ar uachtarántacht Connamara uilig bhí Tadhg na buile Ó’ Flaithbheartaigh ag dul sa mb(?) air faoi’n uachtarántacht agus deirtear gur im(?)(leanann ar an chéad leathanach eile)