Scoil: Baile an Chaisil B.

Suíomh:
Baile an Chaisil, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Mícheál de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0139, Leathanach 525

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0139, Leathanach 525

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Chaisil B.
  2. XML Leathanach 525
  3. XML “Dáithí Bán Ó Gallacubhair”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an fháinne agus ní raibh i bhfad ann go dtáinic an Sprid. Níor fhéud sé teacht níos giorra dhó ná an líne a ghearr sé leis an t-slait. "Caithfidh tú imteacht anois" ars Dáithe Bán leis an Sprid "go dtí an áit as ar tháinig tú". "Caithfidh spás dhá uair a thabhairt dom" ars an Sprid. "Ní tiubhraidh" arsa Dáithe. Ar deireadh thug sé spás leat-uaire dhó. Bhí a sháith aitbmhéala air in a dhiaidh. Chuaidh an Sprid go bárr an chnuic agus tháinig anuas mar tarbh mór fiadhán ag buairthigh is ag gáirthíl, ach sheas Dáithe go Daingean taobh istigh de'n sgousa. Na dhiaidh sin tháinig sé anuas an cnoch mar mada mór fiadhán. Rinne sé gach nidh gur féidir leis ar feadh leat-uaire ag iarraidh Dáithí a sgannrughadh. Dá bhfuigheadh sé taobh amuigh de'n chearcail é mharbhóchadh sé é. Nuair a bhí an t-am caitthe b'éigin dó imteacht. Sguab sé leis gach greim fraoch, bhí in a bhealach. Chuaidh treasna loch agus cuir an t-uisge san aer. Níor thug sé aon trioblóid do Dháithe Bán na dhiaidh sin. Tugtar mar ainm ar an loch "Loch Dáithidh Bháin"
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máirín Bean an Bhúrcaigh
    Inscne
    Baineann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Míceál Breathnach
    Inscne
    Fireann
    Aois
    55
    Seoladh
    Cnoc Leacan, Co. Mhaigh Eo