Scoil: Baile an Chaisil B.
- Suíomh:
- Baile an Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ní dhéanann an broc mórán dioghbáil acht deanann sé go leór mhaitheasa. Marbhuigeann sé giorrachaí, coiníní, agus tionntuigheann sé an talamh mar muc ag cuarthuaghadh bídhe.Déanann an easóg go leór dioghbháil. Marbhuigheann sé sicíní agus cearca agus déanann sé maitheasa mar marbhuigheann sé na luchóga agus franncaigh.Itheann an fiadh féír agus coirce agus itheann an coinín, féar agus geamhair.Muna n-ólann an firéad an bainne uilig a thugann duine dhó, deirtear go bhfuil leigheas ins an bhainne atá fágtha aige le h-aghaidh an truca.Nuair nach mbíonn duine indhon dealg a bhaint as a mhér gheibheann sé teanga mhadaruaidh agus cuireann sé ar maos í. Nuair a bhíonn sé tamall ar maos cuireann sé thart ar an mhér go ndiúileann an teanga an dealg. Nuair á bhíonn pian i dhrui duine déanann sé crios de craiceann ghirrfiadh agus cuireann sé thart ar caol a dhroma é agus fágann sé ar é go n-imthigheann an pian.Déantar sparán de chraiceann na h-easóige agus deirtear an fhaid a bhíonn ceann de na sparáin sin ag duine go mbéidh airgid a shaith aighe. Cuirtear craiceann an t-sionnaigh chuig fearaibh atá indhon a gléas agus nuair a bhíonn sé gléasta i gceart caitheann na mná é. Déantar taipéiseach as craiceann an bhruic. Déantar cótaí, mitóga, leathar, agus brístí marcuigheacht as craiceann an fhiaidh. Déantar lineáil na gcótaí as craicean an coinín. Seo scéalta ainnseas faoi gliocas an t-sionaigh:-(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seán de Búrca
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gort an Tuair, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Micheál Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Seoladh
- Cnoc Leacan, Co. Mhaigh Eo