Scoil: An Cheathrú Mhór
- Suíomh:
- Ceathrú Mhór Leacan, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: P. Ó Glacáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a chéile: cúig céad meadhcan. Chuir sé an iris iochtar istach ar an sgoróg ar dhruim an chapaill.
"Anois" ar seiseann, "and ndéanfainn leath cómh maith é."Bhí sé ins na h-Éireannaigh Aontuighthe. Tháinig an bhliadhan 1798. Bhí sé go Caisleán a' Bharraigh leis na buachaillí. As sin amach bhí na "Yoes" ar a lorg. Bhí séé ar a theitheadh ar feadh tamaill maith.Ar deireadh chuaidh sé go Sasana. Tar-éis seacht mbliadhna. Tháinig sé arais. Bhí na "Peedlers" ar bun an uair sin.Bhí rásaí bád lá amhain i gCill-Alaidh. Chuaidh Pádhraig Liath ann. Ní raibh sé i bhfad ina seasamh ag amharc ar na rásaí, go dtáinig an fear ba láidire i gCill Alaidh. Giustís darbh ainm "Kirkwood" taob thiar dhe agus churi a dhá láimh timcheall air agus rug greim cruaidh air.Nuair d'fheac Pádhraigh Liath roimhe chonnaic sé Saergant na bPeelers. "John Argent" an t-ainm a bhí air ag marcuigheacht ar chapall, agus chlaidhmhe tarraingte ina láimh aige.
"Tabhair thú fhéin suas" nó bainfidh mé an ceann díot" arsa an Saergant.Bhí maide droighean ina dheas láímh ag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ni Giolla Ríogh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Loinn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cappagh, Co. Mhaigh Eo