Scoil: An Cheathrú Mhór
- Suíomh:
- Ceathrú Mhór Leacan, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: P. Ó Glacáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Cheathrú Mhór
- XML Leathanach 7
- XML “Ag Tabhú Céile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sgadán agus fataí. Bhí sí ag chuir síos an sgadan iomlán. "Déanfaidh a leath thú" arsa an mac.
Ní bhfuair an bhean bhocht aon déirce ann, acht lán a ghlach de na fúigheóga (sé sin na píosa éadach atá fagta tar éis bheith ag fighdhe).
Siubhal léithe tamaill mhait go dtáinig sí go teach an talamhaidhe. Fuair sí lóistín oidhche ann, neart bídh agus deoch, agus bhí failte mhó roimpi. Ní go minic tháinig duine bocht cun na tighe aca. Lá ar na bhárach thionntaigh sí abaile.
Bhí go maith agus ní raibh go dona. Domhnac ina dhiad sin tháinig na buachaillí mar ba gnáthach leo. Tháinig an talliúr agus an fíghdeóir isteach go h-aereach ag damhsadh, agus an talamhaidhe ina dhiadh go chiuin socar.
Bhí an dinnéar réidhtighthe ag an gcailín óg dóbhtha. Leag sí trí plata ar an mbord ós a gcomhair. Ar phláta an talliúr bhí píosa easach snathad agus snáth. Ós comhair an fighdeóir bhí na fuigheóga, agus ar phláta ós chomhair an talamhaidhe bhí gó breágh beathaidhe.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ni Giolla Riogh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Micheál Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 50
- Gairmeacha beatha
- Feirmeoir
- Slinneadóir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Slatehill, Co. Mhaigh Eo