Scoil: Ceapach Chuinn (B.) (uimhir rolla 1936)
- Suíomh:
- Ceapach Choinn, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Proinnsias Ó Laoghaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceapach Chuinn (B.)
- XML Leathanach 91
- XML “Na Saighdiúirí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair d'fhás triúr inghean Philib Mhac Craith suas, bhíodar i n-a gcailíní dathamhla agus bhíodh buachaillí óga n-a dhiaidh. Bhí triúr oifigí ó Cluain Meala a thagadh amach á bhféacaint go minic agus thugaidís seirbhísigh líotha mar d'fhanadís oidhche nó dhó ann. Bhí muilneóiri thiar ag Muileann an Coirce an uair sin darbh ainm Uaithne. Droichshíolrach ceart be eadh Uaithne agus níl fhios dé mhéid droch-oibre a rinne sé le n-a linn. Saghas captaen ar scata bithemhnach be eadh é. Bhí díg mhór uisge thimcheall léithe agus droichid tógála trasna ann a bhíodh tógtha anáirde gach aon oidhche. Cuir sé suas mac a bhí aige cun déanamh suas le cailín a bhí sa chúirt: ceap sé dá mbeadh sí i ngrádh leis an mac go mb'fhuiris teacht thimcheall uirthi chun feall a dhéanamh. Dhein an mac gach aon rud a dubhradh leis an fheabhas agus nuair tháinigh an t-am bhí an cailín cun a thola aige. An oidhche a bhí socair aca ar an nghnó a dhéanamh, thuit amach go raibh na h-oififígh sa cúird agus dubhairt Uaithne leis féin gur dócha go mb'fhiú iad súd a robáil chomh maidh agus go gcaithfá iad a chur do cois. Thug dó airgead do sheirbhísigh na cúirte cun sheirbhísigh na h-oififigh a thabhairt ag ól(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mícheál Ó Cuirrín
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Labhrás Ó Cadhla
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 48
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ceapach Choinn, Co. Phort Láirge