Scoil: Ceapach Chuinn (B.) (uimhir rolla 1936)
- Suíomh:
- Ceapach Choinn, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Proinnsias Ó Laoghaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceapach Chuinn (B.)
- XML Leathanach 92
- XML “Na Saighdiúirí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go Sráid an Muilinn. Comh luadh is d'imthigh na sheirbhísigh leag an cailín an droichead agus cuir sí solas i bhfuinneóig áirtha i mbarra na cúirte, mar a bhí geallta aice. Isteach le h-Uaithne is le n-a mhuintir. Cheanghluigeadar na h-oifigígh.Scannruigheadar Máirín Mhilis agus a h-ingheanacha agus thógadar gach aon rud a bhí fiú a thógaint. Nuair bhíodar ag imeacht, thógadar leóthna na h-oifigigh agus iad caithte isteach i dtrucaill capaill. Amuigh ag an Móin Chaol i Réidh na dTeampán mharbhyigheadar iad agus chuireadar na cuirp i bpoll doimhin a hí san abhainn atá idir Réidh na dTeampán agus Cnoc Bhléanthais. Áth na Saighdiúirí atá ar an bpoll. mar bhí ádh ann an uair sin, nó b'fhéidir i n-a dhiadh san. Nuair fuair an t-arm i gCluain Meala amach go raibh na h-oifigígh imthighthe, cuireadar an milleán ar Máirín Pilib an sSúíoda gurbh í ba chionntach, Acht ní raibh aon tuairisc orhta agus tairgigheadh trí chéad púnt do'n té a thabhairaidh tuairisc ar cá bhfaghfhaí iad. D'fhan an scéal mar sin ar feadh bliadhain go leith. Bhí aodaire bó a bhí ar Cnoc Bhléantais sínte ar phort na h-abhann lá breágh Samhraidh, agus thug sé fé ndeara na búclaí práis ag soillsiú thíos ar thóin phuill. As go brádh leis go Cluain Meala leis an scéal. Fuaireadh na h-oifigígh sa pholl agus bhí sochraid mór an lá thángadar fé na ndéin. Bhaineadh a stát ar fad de Mháirín Philib agus dóghadh an chúirt. Bhí tigh beag gairid do Shráid an Mhuilinn ag Máirín mar air a chaith sí an chuid eile dá saoghal.
- Bailitheoir
- Mícheál Ó Cuirrín
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Labhrás Ó Cadhla
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 48
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ceapach Choinn, Co. Phort Láirge