Scoil: Ceapach Chuinn (B.) (uimhir rolla 1936)
- Suíomh:
- Ceapach Choinn, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Proinnsias Ó Laoghaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an t-Aifreann a léigheamh i dTuair an Fhíona. Lean ann mar sin go raibh an bhliadhain láimh le bheith caithte agus tháinigh Domhnach ana-fhluich, ana-stoirmeach. Bhí an pobal bailitghthe ag fanacht leis an sagart; ach bhí sé ró-dhéanach nuair shrois sé an séipéal. Dubhradar an Choróin Mhuire agus labhair an sagart leis an bpobal. Dubhairt sé go raibh cathú air go raibh sé ró-dhéanach chun an Aifreann a léigheamh, ach nárbh é a cionnta féin é.
"Ach an dream is cionntach leis , cídfidh an saoghal, pé daoine amhairfidh leis, ná bheidh lá de'n rath ortha agus go n-imtheóchaidh siad mar na h=abhann!" ar seisean.
Fé cheann bliadhain ó'n lá san bhí an fear a bhuail an sagart curtha. Bhí cosán comghair ó Thuair an Fíona agus chun an Chnuich Bhuidhe, chun na roilige agus b'ann a ghabhadh na sochraidú. Lá sochraide ag Craithigh seo, bhí triúr nó ceathrar ag siubhail as dhiaidh na socraide agus bhíbeárna ann ar baineadh sceach aiste cun gabháilt tríthú. Rug ceann desna fearaibh ar an sceith chun í chur sa mbeárna agus an bheadh ag teacht i n-a dhiaidh ach an sagart.
"Ní fiú dhuit an sceach a chur sa mbeárna: is gairid mbeidh ceann eile aca ag teacht!" ar seisean. Agus b'fhíor dó; ceann seachtmaine ó'n lá san bhí ceann eile desna Clanna Buidhigh ag dul go dtí an Chnoc Bhuidhe. Níor fhan aon rath ar Clainn Chraidh as san amach agus níl ann anois acht beirt nó triúir aca, is iad san féin go beo bocht.- Bailitheoir
- Mícheál Ó Cuirrín
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Labhrás Ó Cadhla
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 48
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ceapach Choinn, Co. Phort Láirge