Scoil: An Chlais Mhór, Eóchaill (uimhir rolla 2889)
- Suíomh:
- Clais Mhór, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Liam Suipéal
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Gúta. Spirits of turpentine. An áit go mbeadh an pian do nighe le uisge an-the agus ansan do thirmiú go maith agus na spirits cimilt ansan ós comhair na teine ar feadh cúigdéag nómataí.
Tinneas Cinn. Brat Bríde a chasadh timpeall an ceann.
Sine Seain ataighthe - uisge agus salann agus iad do nighe go maith leat istigh.
Eitinn. Coinneal Mhuire do bheiriú i leamnacht agus é d'ól.
Fall Saor. Meacain da thogha do bheiriú i leamhnacht agus gloine bheag do thógaint tar éis gach béile bídh aire maith do thabhairt gan níos mó thógaint mar tá nimh ann.
Ceanncar (Cancer). Greim an diabhail do bheiriú agus an cnead do níghe go maith leis.
Leigheas eile ar ceanncar gur fiadh do bheiriú agus greim an diabhail leigint do fuaradh agus plastara déanamh den barra méid do bheidh air agus é cur leis.- Bailitheoir
- Mícheál Ó Dighe
- Inscne
- Fireann