School: An Ghráinseach, Eóchaill
- Location:
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
- Teacher: Deaglán Ó Cuilliú
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Ghráinseach, Eóchaill
- XML Page 383
- XML “Seanscéal”
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)é. Do bhí an t-ór aca féin ansan.
Sin é mo scéal sa agus má tá bréag ann bhíodh. - Do bhí fear ann fadó agus do bhí sé ina chónaí sa Sean Phobal. Do bhí sé pósta agus do bhí an-chuid leanaí aige. An maidin áirithe seo nuair a bhí sé ag ithe a breacfáist dúirt sé lena bhean go raghadh sé go dtí an bhaile mhór fé dhéin bróg dó féin agus na leanaí. Do chuireadh eagla air nuair do labhair an chat leis ón dtine agus a dúirt leis péire bróg a thógaint abhaile chuige féin. Nuair a tháinigh sé abhaile um thráthnóna d'fiafraigh an chait de ar thóg sé na bróga chuige féin. Dúirt an fear leis nár thóg mar go gcaitheadh sé féin dul go dtí an baile mór chun feiscint déin sórt bróg a bheadh uaidh. An chéad lá eile do chuir sé an cat isteach i mála agus do thóg sé leis é go dtí an baile mór.
Nuair a d'airigh na madraí an cat ag caint istigh san mála do bhíodar ag rith timpeall agus nuair a d'airigh an cat na madraí amuigh "Ó, am mháistir" ar sé "ná scaoil amach chun na madraí san mé". Ach do scaoil an fear amach é agus do chur san deire leis a gcat. Do chuaidh an fear abhaile dó féin agus níor chuir aon rud aon trioblóid(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Cuilliú
- Gender
- Male
- Informant
- Tomás Treó
- Gender
- Male
- Age
- Over 70
- Address
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge