School: An Ghráinseach, Eóchaill
- Location:
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
- Teacher: Deaglán Ó Cuilliú
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Ghráinseach, Eóchaill
- XML Page 386
- XML “Long a Bádh”
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí long ag teacht ó áit éigin i Sasna roinnt mhaith blianta ó shoin. Gual a bhí innte agus ag dul go dtí áit éigin i gCorcaigh do bhí sí. Do bhí an gaoth anoir agus níor bhfada gur d'éirigh stoirm.
Tá bádh Áird Mhóire an-oiscailte ar an ghaoth anoir agus nuair a bhíodar ag gabháil that an áit do bhí an gaoth ró-láidir dóibh agus do caitheadh an long isteach. Do chuir na daoine a bhí innte 'rockets' suas chun cabhair do fhabháil ó mhuinntear na h-áite.
Do chuaidh sagart óg, an t-Athair Ó Seadha agus cúpla fear eile amach i mbád beag. Do thógadar isteach cúpla duine acht do fuaireadar go léir bás agus do cuireadh in Árd Mór iad.- Collector
- Seán Ó Cuilliú
- Gender
- Male
- Informant
- Tomás Treó
- Gender
- Male
- Age
- Over 70
- Address
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
- Do bhí fear ann fadó agus do bhí sé an-bhocht. Ní raibh aon rud le dheanamh aige agus do chuaidh sé ag troid mar saighdiúr. Níor bhfada ina dhiaidh sin gur cuireadh scéal go dtí a mhuintir go raibh sé marbh. Do bhíodh a sprid ag imeacht timpeall gach aon oidhche agus do bhí sé ag cur eagla ar gach duine. Aon oidhche amháin pé scéal é do thóg fear ón áit a ghunna amach agus do caith sé piléir leis an sprid. Annsan dubhairt an sprid leis an fear gur piléir a mharbh é agus ná raibh sé aon mhaith dó bheith ag caitheamh leis a thuille(continues on next page)