Scoil: Áird Mhór, Eóchaill (uimhir rolla 3858)
- Suíomh:
- Aird Mhór, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Risteárd Neancól
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0643, Leathanach 002](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0643%2FCBES_0643_002.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0643, Leathanach 002
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tar éis dul i laige dá bharr.
“Ní dhéanfaidh tú aon chaisleán eile” arsa an Rí
“Dé chúis a ndeireann tú é sin”? arsa an Gobán
“Taidhbhreamh a rinne mé”, arsa an Rí.
Lá ar ná bhárach, bhí an rí agus an Gobán ag siubhal mór thimpeall an chaisleáin á thabhairt fé ndeara.
“Feuch”, arsa an Righ. Tá cúpla cloch ar an suimné sin agus nílid socruighthe go ceart agat.
“Ní fheicím iad” arsa an Gobán.
Peca chíonn tú iad nó ná chíonn tá an ceart agam arsa an Righ. Faigh dréimire agus teighir suas agus socraigh iad.
Dhein an Gobán amhla’(idh). Nuair a bhí sé shuas rug an righ ar an dréimire agus thug sé chun siubhail leis é
“Fain-se annsan anois” arsa sé leis an nGobán ní bheidh aon caisleán eile sa tír seo chomh maith lem’ caisleán-se.
Bhí an Gobán dhá lá ar bharr an chaisleáin agus an fear bocht ag faghailt bhais leis an ocras
An dara lá cé gheobhadh an bóthar acht amadán a bhí san áit
“Cad athá tú ag deanamh annsan”? arsa sé leis an nGobán
D’innis an Gobán dó mar a bhí. Agus , “Ce thóg an caisleán” arsa an amadán?
“Mé féin”, arsa an Gobán
“Beul”, arsa an amadán, is ait an duine thú, ná fuil sé níos fusa seacht gclocha a chaitheamh annús ná ceann amháin a chuir suas.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Eamonn hÍceadha
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge