Scoil: Áird Mhór, Eóchaill (uimhir rolla 3858)
- Suíomh:
- Aird Mhór, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Risteárd Neancól
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Áird Mhór, Eóchaill
- XML Leathanach 033
- XML “An Leasmháthair”
- XML “Piseoga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí gach aon saghas duine a bhí istigh ag rinnce. Choinnigh sé ag rinnce iad go rabhadar traochta amach aige. Nach d'iarr an breitheamh ar son Dia air an ceol a stop agus go dtabharfadh sé chead púnt dó. Do stad sé agus nuair a stad an ceol stad an rinnce, fuair sé an t-airgead. Chuadar abhaile nach ní fheuchfadh an leas-mháthair as son amach air dá dtabharfá pinsiúin di.
- Tá scathamh maith de bhlianta ó shoin ó bhí mé ag obair i dtigh feirmeora agus bhí mé féin agus mac an feirmeora ag gearradh binnse féir chun é thabhairt isteach des na gcapaill. Mé féin a bhí sa ghearradh. Nach chuaidh an scian in achrann i rud éigin agus ní bhfaighinn é tarraingt. Dúirt mé leis an mbuachaill eile teacht ag triall orm. Tháinigh sé agus reidhtigheamar an scian agus tarraingamar anois ceann laogh agus bhí sé comh úr agus dá mba ar an neomat bhainfeá den laogh é. Bhíomar ag féachaint air. Sa deire chuaidh an garsún isteach agus d'inis sé d'á athair cad a thit amach. Tháinigh an feirmeoir amach.
"Is diabhal an obair é sin" a deir sé "Faigh romhan is sluasadh déinigí poll agus cuirigí síos ann é". Fuaireamar an ramhan is an sluasadh agus luigheamar ag déanamh an puill cuireamar ceann an laoigh síos ann. Nuair a chuaidh fear an tighe isteach d'inis sé dá bhean cad a thit amach agus cad a bhí déanta aca. "Agus cad(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Bruadar
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Áth na Croise, Co. Phort Láirge