Scoil: Áird Mhór, Eóchaill (uimhir rolla 3858)
- Suíomh:
- Aird Mhór, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Risteárd Neancól
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Áird Mhór, Eóchaill
- XML Leathanach 003
- XML “An Gobán Saor agus an Rí”
- XML “An Gobán Saor agus a Mhac”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)“Is fíor duit”, arsa an Gobán, ag breith ar chloch (chloich) agus á caitheamh annús. Lean sé ag réabadh agus ag caitheamh na gcloch gur tháinig an righ amach agus buile an domhain air.
“Cad athá ar siubhal annsan agat”? arsa se leis an nGobán.
“Tá mé chun an caisleán seo a leagaint go talamh,” arsa an Gobán
“Fain”, arsa an righ “ná déin”. “Gheobhadh an dréimire duit”. Fuair, agus thug sé pé beagáinín airgid a bhí ag teacht dó chuige agus thug an Gobán a bhóthar air. - Lá dá raibh an Gobán agus a mhac ag dul i bhfad ó bhaile nuair a bhí steall maith den bóthar agus dhíobh aca "Giorraigh an bóthar dúinn a mhic" arsa an Gobán.
"Conas a bhfaigheannse an bóthar a ghiorriú" arsa an mac.
"Ó más mar sin é" arsa an Gobán "tá sé comh maith dúinn earadh" agus chuadar abhaile arís.
An lá ina dhiaidh sin chuireadar chun bóthar arís. D-imigheadar leo ar big shodar go dtí go raibh roinnt míltí siúlta. Ansan labhair an Gobán
"Giorraigh an bóthar a mhic" arsa an Gobán.
"Conas a bhfaigheannse an bóthar a ghiorriú" arsa an mac.
"Ó más mar sin é" arsa an Gobán "tá sé comh maith dúinn earadh" agus chuadar abhaile arís.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Eamonn hÍceadha
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge