Scoil: An Eaglais, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 1395)
- Suíomh:
- An Eaglais, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Tomás Ó Leinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a thiteann an deatach anuas an t-simné is comhartha fearthainn é. Nuair a thugann an cat a cúl leis an tine is comhartha báiste é. Nuair a bhíonn ciorcal timpeall na gealaí deirtear go mbeidh lá amárach fliuch.
Nuair a bíonn na fainleóga ag eitilt go h-íseal deirtear go mbeidh fearthainn ann. Nuair a bhíonn dath gorm ar an tine is comhartha báiste é. Nuair a bhíonn tine ar an citeal is comhartha é go mbeadh fearthainn againn.
Nuair a thagann na faoileáin isteach ón bhfarraige is comhartha stoirm é. Nuair a bhíonn na préacháin ag eitilt i gciorcal is comhartha go mbeidh stoirm ann. Nuair a bíonn na ba bailithe le chéile i lár na páirce is comhartha go bhfuil stoirm ag teacht.
Nuair a bíonn dath dearg ar an gréin ag dul fé um thráthnóna is comhartha soininne é. Nuair a bíonn na préacháin ag eitilt go h-árd sa spéir is comhartha go mbeidh an aimsir go breá(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Fhaoláin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Drom Mór, Co. Phort Láirge