Scoil: Clochar na Trócaire, Dúngarbhán (uimhir rolla 11461)
- Suíomh:
- Dún Garbhán, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: An tSr R. Ní Fhearghail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a bhí Naomh Deuglan a' dul dtí an sgoil. Dubhairt a Maighistir Scoile leis lá, go mbeadh sé féin agus na scoláirí eile a' dul dtí na cluichí, ar an dtaoibh eile de'n ghleann, agus arsa sé sin "a Dhéaghláin caithfidh tú fuireach chun bheith a fáire ar na préacháin sa chruithneacht. Dh'imthigheadar leó. Tar éis tamaill, cé chífeadh a Maighistir Scoile a teacht ach Deuglán
"Ó" arsa sé sin, "tá mo dhorn cruithneachta ithte orm".Chuaidh sé i gcoinnibh Dheagláin annsan.
"A Dheughláin," arsa sé sin, "Cad na thaobh nár fhan tú a faire ar na preacháin?" "Bheul" arsa Deaghlan, " Chuir mé isteach 'sa bhfothrach iad."
"Rachaimíd thar n-ais," arsa Maighistir Scoile, " chun go bhfeicfidh mé iad." D'imthigheadar leó, agus bhí na préacháin istig 'sa fotrach, agus iad ag amhrán.
"Cad a dheanfaimíd anois leo," arsa Maighistir Scoile le Duglán. "Ní gádh ach hús a rádh" arsa Deuglán. Annsan "hús" arsa Deuglán. D'imtig na préacáin leó.D'innis a Maighistir Scoile dos na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Treasa Ní Dháltúin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dún Garbhán, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Séamus Mach Gearailt
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dún Garbhán, Co. Phort Láirge