Scoil: Gleann Beag, Dúngarbhán
- Suíomh:
- An Gleann Beag, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Caitlín, Bean an Bhreathnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Beag, Dúngarbhán
- XML Leathanach 182
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí fear ag dul ó Dúngarbhán go dtí Eochaill uair amháin.”
Bhí fear ag dul ó Dúngarbhán go dtí Eochaill uair amháin. Bhí cearr muca aige ag dul go dtí an aonach. In áit áirighthe de'n mbóthar chonnaic sé beirt daoine ag teacht cuige. Beirt beithiúnach a bhí ann. Do stad siad. Rug duine aca greim ar an srian agus d'fhiafruig sé de'n bhfear cad é an t-am é. "Tá sé ag druideadh cun na maidne", arsa a'fear. Léim duine de's na beithiúnaigh suas ar an gcearr.
Bhí bata draigean dubh ag fear na muca. Níor dhein sé ach beithiúnach a bhualadh síos ar mullach a chinn agus mairbhuigeadh é. Tháinigh eagla ar beitiúnach eile agus rith sé ón bhfear cómh mear agus a bhí aige, Cheap sé gur fear draoideachta a bhí ann. Shrois an fear Eochaill go slán sabhálta an lá san acht muna mbeadh a bhata is docha go bheadh sgeul go h-olc aige.- Bailitheoir
- Caitlín Bean an Bhreathnaigh
- Inscne
- Baineann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Cathain
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 66
- Seoladh
- Baile Uí Ghadhra, Co. Phort Láirge