Scoil: Clochar San Eoin Dé, Portláirge (uimhir rolla 12535)
- Suíomh:
- Port Láirge, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: An tSr. M. de Lourdes
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)3.Ní labharann na mairbh a thagann thar-nais go dtí go nglaobhtar orthu in ainm Dé. Caithfidís beith ag teacht is ag teacht go dtí go labharta leo in ainm Dé. Annsan nochtann siad pé bhuaidhirt atá ortha.
( Ní labhrann na mairbh a thagann thar n-ais.)
4.Bhaintear fód i gcóir na h-uagha i bfeirm an duine mhairbh agus tugtar chun na reilige í.
5.Má chailleann duine i gcéin baintear fód san reilig sa bhaile
6. Deirtearr an cómhrá mór thimcheall na reilige 3 h-uaire- na gaolta is giorra fén gcomrainn.
7. An corp is déanaighe san reilig- ag tarrach an uisge go dtí na cuirp eile.
8. Cuirtear na h-úirlisí thar an uaigh iagus bfuirm croise nuair bíonn sé gearrtha.
9.Deintear cré do choisreacan cuirtear cuid de isteach san gcomhrainn- an cuid eile anuas ar an gcomrainn san uaigh. Muna gcuirtear na baill éadaigh is ceart fén aibíd bíonn an duine le feiscint tar éis bháis an ball éigin sin in easnamh ortha. Ni cheart láir do chur ag iomchur comhrann.- Bailitheoir
- Peggy Fenton
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Faisnéiseoir
- Mrs Murphy
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 72