Scoil: Christian Bros., Manor St. Cathair Phortláirge (uimhir rolla 16735)
- Suíomh:
- Port Láirge, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Seán Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Christian Bros., Manor St. Cathair Phortláirge
- XML Leathanach 232
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Ba leis an tighearna Devonshire an sliabh úd Cnoc Maol Domhnaigh agus bhíodh roinnt maor aige ar an sliabh agus sé an gnó a dheinidís ná aire a thabhairt don "game".”
(ar lean ón leathanach roimhe)'S nárbh fhada go mbeidh bolltaí ar a n-anam
'Ge aicme na ndiabhal, sa gcloigeann á piochadh,
'Sa gcoire fé phian ll thá plútó agus lasgar ar buile na ndiaidh.
Agus Lucifer go dóighidh na gcogcaí ón sliabh.
IV
Thá Lepon ar saothar a ' réidteach 'na gcomhair
Tá Belsibub cráidhte nuair ná tárlaionn sé leó
Tá Ciunstan go héasga chun séideadh fé'n oigheann
Go mbéadh an Míoltach go craosach chun pleasc ortha a lagh'
V
Tá Hackett lán d'áthas siúrálta do'n maoin
Do rinne riobáil sa stáit seo na Míd
Ní bheidh Ifreann lán go mbeidh áit ann i dís
Ceangailte cráidhte gan duibéal ná maoirsuidheacht(gan teideal)
“Bhí file i Liosmór Mochuda lá amháin agus bíodar ag cur síos ar cúrsaíbh na hÉireann gur chuir duine amhain ceist ar a bhfile cad é an dóigh a bhí aige d'Parnell agus ar cheap sé go ndéanfad sé maitheas na ndaoine.”
Seo a dubhairt an fileTá Parnell a' gluaiseacht chun na Sasanaigh a'ruaigeadh
Sa cíos ag imtheacht uathu gan fáil
Tá an saighdiúir á shuathadh, sa peeler á buaileadh
Agus béidh an Gobherment go luath ins an bfáin
Béidh na 'ráinne ar a nguailne gan dearmad na sluaiste
Ag obair go fuar fliuch gan árd
Is beidh Liutar go buadhartha, má gearrtar anuas iad
'Sna feallsa gan buaileadh go bráth