Scoil: Christian Bros., Manor St. Cathair Phortláirge (uimhir rolla 16735)
- Suíomh:
- Port Láirge, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Seán Ó Dálaigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0653, Leathanach 233](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0653%2FCBES_0653_233.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0653, Leathanach 233
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Christian Bros., Manor St. Cathair Phortláirge
- XML Leathanach 233
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí bean a' cúiteamh peacaigh éigin áirighthe ag crosaire éigin agus chífeadh gach aoinne í nuair a bhídís a' gabhailt thar bhrághaid.”
Bhí bean a' cúiteamh peacaigh éígin áirighthe ag crosaire éigin agus chífeadh gach aoinne í nuair bhídís a' gabhailt thar bhraghaid. Chuireadh sí an cheist seo ar gach aoinne. "Coinneal agus coinnleór ann 's cá bhfuil a leath-cheann san?" Níor réidtig aoinne é go dtáinig file sa deire gur dhein sé é réidhteach dí (deirtear gurab Tadhg Gaodhalach a bhí ann)"Coinneall agus coinlleór ann is cá bhfuil a leath-cheann san?
Cuilleann a bhainfí um Shamhain agus cuirfead sí ceann ar thig.
"Maith an buachaill" arsa sí "an cheist sin reidtighthe agat
Coinneall agus coinnleór ann agus cá bhfuil a leath ceann san?
Muilleann idir dhá ghleann is é a' sileag thall is bhfus
Maith a buachaill " arsa sí
Coinneall agus coinleór ann (-) agus cá bhfuil a leath-cheann san? arsa sí arís
'Á ndéanfá an aithrighe in am níor ghádh dhuit a bheith id shamhail annso
"Maith a' buachaill" arsa sí "Ní fheiceochaidh aoinne mise arís annso.(gan teideal)
“Bhí sagart thíos i gCarraig gurab ainm dó Seán de Paor agus bhí sé 'na fhile.”
Bhí sagart thíos i gCarraig gurab ainm dó Seán De Paor agus bhí sé 'na fhile. D'iompuigh sé amach 'na Phrotustúnaigh agus bhí sé 'na mhinisteár annsan. Lá bhí sé a' gabhailt síós tré Sráid a' Caladh Liosmór Mochuda gur bhuail sean-bhean leis."Bhí a' bhean so agus crúiscín na dorn a dul ad iarraidh crúsc uisge(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Muirgheasa
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gleann Seasc Beag, Co. Phort Láirge