Scoil: Na Frasa (uimhir rolla 16375)
- Suíomh:
- Na Frosa, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Mac Robhartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- B'é Cormac Mac Airt an rí a bhí in Éirinn san treas aois. Fán am sin bhí na Fiana i mbláth. B'é Fionn Mac Cumhail an ceannaire a bhí ar na Fiana. Thug Cormac a inghean Aoife do Fhionn mar bhainchéile. B'fhearr le Fionn Gráinne, an inghean a ba deise. D'ealuigh sí le Diarmuid Ua Duibhne ceannaire eile a bhí ar na Fiana. B'éigean do Dhiarmuid agus Gráinne a theitheadh agus is beag áit in éirinn nár rinne siad stad agus mór chomhnuidhe ann.
Nuair a bhí siad ar a dteitheadh chaith siad tamall i nGleann Éidhnighe, go dtí go bhfuair Diarmuid fios go rabh Fionn agus na Fiana ag tarraingt air. Chuaidh sé suas annsin go dtí Carnamhaoin, an áit a bhfuil leabaidh Dhiarmada agus Gráinne go fóill. Acht bhí fhios go maith ag Diarmuid nach ndéanfadh sin cúis dó, nó go gcognóchadh Fionn a ordóg feasa agus go mba heol dó nidh ar bith ar mhian leis. Sul a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Ceallaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Roes, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Michéal Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Seoladh
- Roes, Co. Dhún na nGall