School: Niall Mór (roll number 11843)

Location:
Na Cealla Beaga, Co. Dhún na nGall
Teacher:
B. Mac Niallghuis
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 223

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 223

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Niall Mór
  2. XML Page 223
  3. XML “Sióga”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sídeoga.
    Rugadh agus tógadh Domhnall Mór Dreirleain i mbaile na Gaoiche i bparraoiste Árd an Rach. Fear mór, láidir, árd a bhí ann agus “bell” a bhean bhí sise beag modhamhail agus an mheabhair ann aicí. Bhi figheadoir i gCruinnlinn ag deanam greasain baínín do am amháin agus déirigh sé gann san inneach, mar bhí dlúth go leor aige le cuig na sé slac eile baínín a dheánamh. Chuir sé an fios seo chuig Domhnall. Ní rabh ólann ar bith ag Domhnall sa teach, ach bhí cúpla caora ghiobach aige fahn chroc, agus suas leis le hiad a thabhairt abhaile. Lom sé iad ag fágaibe céaran agus riobóg ar achan chaora. Nuiar a bhí na caoirigh lomth ag Domhnall scairt “bell” isteach comharsain a chuidigh leite an olann a chardail agus a sniomh. Nuair a bhí ceirtlin mór dhá phunnta go leith na níor mó sniomhtha aca dimhthigh Domhnall leis go dtí an figheadóir. Bhí sé ag éirghe dorcha nuair a shroich sé teach an fhigheadóra. Rinneadh tae, hóladh é agus annsin chuaidh an figheadoir fhad leis an tseol leis an ghreasan a chriochnughadh. Bhí an meadhon oíche chor a bheith ann nuair a d’fhág Domhnall an teach ar a bhealach na bhaile agus bhí dhá mhíle na níos mó aige le subhal. Bhí aithgiorra trasna na tragha o Chruimlinn go dtí Crannógbuidhe agus seo an bealach a tháinig sé abhaile. Nuair a bhí sé ag suibhal (ag) ar an traigh faoi
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Philoména Ní Phárra
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    Na Cealla Beaga, Co. Dhún na nGall
    Informant
    Brian Mac Uí Niallgais
    Gender
    Male
    Age
    59
    Address
    Na Cealla Beaga, Co. Dhún na nGall